School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus achan chineal dath a bheith ortha. Ní thiocfadh leithí iad a dheánamh agus ag tuitim na h-oidhche shuidh sí síos agus thoisigh sí ag caoineadh. Ní fada ag caoineadh í uair a tháinig bean isteach agus cos amháin an-mhór mhíofur uirthi. Rinne sí an obair do'n chailín , ach dubhairt sí leithí go gcaithfeadh sí cuireadh a thabhairt dí féin agus do mhnaoi na h-oidhche roimhe 'na báinnse. Dubhairt an cailín go dtabharfadh agus fáilte. Bhí áthas agus iongantas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí go rabh an obair deánta agus thug sí suipeár agus leabaidh an-mhaith ar fad dí.
An tríomhadh lá cuireadh isteach sa seomra céadhna í agus tugadh an-rud lín dí le sniomh roimh an oidhche. Ní rabh an cailín ábalta é a dheánamh ach san tráthnóna mall ce tháinig isteach ach bean agus lámh an-mhór uirthi. Dubhairt sí leis an chailín go ndeánfadh sí duithí(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Mac Diarmuid
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cruach Leac, Co. Donegal