Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanfhocail
    1. Malluigheann Dia an deifre.
    2. Is iomaidh lá ag an uaigh orainn.
    3. Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil leis an uaigh.
    4. Stráinséar in aice an dáinséir agus bearrach féaraigh in aice an dorais.( bíonn go minic níos mó áirde ar strainséar ná ar chomharsan)
    5. Muna bhfuil agat ach gabhar bí i lár an aonaigh leis.
    6. Ná díol do chearc lá fliuch.
    7.Ná ceannaigh muc i mála.
    8. Ná caith amach an t-uisge salach go dtabharfaidh tú isteach an t-uisge glan.
    9.An áit a mbíonn toit bíonn teine.
    10. Is minic a loit beathach allta beathach uasal.
    11. Más deas duit do chóta is deise duit do léine.
    12.Ag dúil le cúigeannaí 'sé mhilleas an cearbhachas ( Nuair atá duine ag imirt cardaí agus i gcomhnuidhe ag dréim le cardaí maithe, ni bhfuigheann sé maith iad)
    13. Is fada soir an casán nár chuir Dia aniar é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall