Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 236
- XML “Na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tom thart fa'n áit cumhdaighe leis an olann agus na dathanna ab fhíor-deise a chonnaic tú ariamh uirthi. Tháinig fear a' toighe isteach agus dubhairt sé go rabh a cuid olna uilig go leir millte agus d'fhéad sí í a choinbhailt. Ag éirighe an tríomhadh maidin dobhtha bhí an mála ag an doras agus bhí an plainncéad déanta. Táinig fear darbh ainm Jack Chruach an Airgid isteach agus dubhairt sé "Nach mór an truaighe nach bhfuil áird ag Dia ortha-san no tá siad ábalta mórán neithe a dhéanamh". Annsin thoisigh an caoineadh ag an doras agus níor mothuigheadh sidheóg ó shoin ag Sruthán an Chlochair.2. Bhí fear amuigh ag coimheád bó ar an Chlochar am amháin. Tháinig fear beag ribeach ruadh fhad leis agus d'iarr sé an bhó air. Dubhairt an fear nach dtabharfadh, ach fuair an fear beag ribeach ruadh greim ar an bhó agus chuaidh isteach i gcarraig léithe. Lean an fear é agus fuair se greim ar ruball na bó. Níor(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall