Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ón teach d'iarr an fear ar an sean-chapall léim a thabhairt thar geafta. Ní rabh an sean-chapall ábalta sin a dhéanamh. Scaoil an fear é. "Cén fáth a dtearn tú sin," ars an cailín. "Gnídhim sin leis an uile seort nach ndéanann cibé iarrfas mé air," arsa seisean. Chuaidh siad isteach go dtí an teach agus shuidh an cailíin suas ins an chóirneal agus ní dhearn sí a dhath go h-oidhche.
Rinneadh an suipéar rud ach níor tugadh aon ghreim do'n chailín. D'imthigh siad a luighe. Ar maidin nuair a d'éirigh sí bhí sí marbh leis an ocras. Rinneadh réidh an bricfeasta ach níor thugadh aon ghreim do'n chailí˜. D'imthigh an fear amach a seilg. Bhí an cailín bocht lag le h-ocras. Bhí an sean-bhean a bhí ins an teach ag cardáil. Nuair a chonnaic an cailín nach rabh sí ag fághail aon rud le h-ithe. D'éirigh sí, fuair greim ar na cárdaí agus thoisigh an cárdáil. Nuair a chonnaic an sean-bhean an cailín óg ag obair rinne sí réidh dinnéar maith dithí. Ó'n lá sin go dtí an lá a fuair sí bás bá mhaith an oibridhe í.
Lá amháin tháinic athair an chailín le h-amharc goidé mar bhí a inghean ag fághail ar aghaidh bhí sise ag déanamh bracháin. Shuidh a athair in aice na teineadh. "Seo duit a athair," arsa sise. "Corruigh an brachán seo nó muna mbíonn tú ag obair ins an teach ní bhfuigidh tú aon ghreim le h-ithe."- Faisnéiseoir
- Pádraig
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall