Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 274
- XML “Scéal fá Pheadar Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh Peadar Amaideach ag dul thart annseo fá tuairim deich mbliadhan agus fiche ó shoin. Níl fhios agam caidé an t-ain ceart a bhí air. Ach ní rabh ainm ar bith ag na daoine thart annseo air ach Peadar Amaideach. Ní rabh áit comhnuidhe ar bith aige ach ar siubhail fríd an tír o theach go teach.
B’ iomdha oidhche a chaith sé a dteach s’againne agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag iarraidh ar bhunadh an toighe brachán a dheánamh do.
Oidhche amhain dá rabh sé ‘tigh s’againne rinne mo mhathair mhór braon brachán do nuair a d’iarr sé uirthí sin a dheánamh. Nuair a bhí an brachán bruithte dith sé a sáith de agus ní dhearn sé a dhath annsin, ach an méid brachán a bhí fágtha a chur isteach sa’ mhála a bhí leis agus imtheacht amach ar an doras.- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aodha
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Mucros, Co. Dhún na nGall