Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)

Suíomh:
Mucros, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ua hEigeartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 322

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mucros
  2. XML Leathanach 322
  3. XML “Rudaí a mBíonn Meas Speisialta orthu”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainm an duine ó na b'fuaras an cunntas:-
    Máire Ní h-Asgáin
    Tamhnaigh,
    Cill Chartha

    PIOCTÚIR
    Tá meas speisialta ag mo mhuinntir sa bhaile ar pioctúir atá aca. Tá sé i dtaisge aca agus bheir siad an áire go bráthach dó. Is é Pioctúir an "Muirighin Naomhtha" atá ann agus tá sé aca i gcuimhne duine a fuair bás. Ní leigfeadh siad duine ar bith ina chóir ar eagla go mbriseadh siad é. Bíonn meas speisialta aca fosta ar uisge a bheireann siad abhaile laethe áirithe as toibreacha beannuighthe. Bheireann siad uisge abhaile as Tobar Cartha nuair a bhíonn siad ag siubhal an turais ar an 4adh lá de Mhárta an 'uile bliadhain.

    Tá Tobar Cartha suidhthe ar taobh na láimhe clé ar an bealach atá ag gábhail ó Cill Cartha go Baile an Teampaill. Beireann siad canna nó buideál d'en uisge sin abhaile agus coinnigheann siad cuid d'en uisge fá fhoinne leigheasannaí nó daoine tinne agus ólann siad cuid de fosta. Bheir siad uisge abhaile as Tobar Phádruig ar Lá Fhéil Phádruig. Coinnigheann siad an h-uisge sin istigh agus bíonn án-mheas aca ortha ar fad. Nuair a tig siad abhaile leis na pailmeacha Domhnach na Slat crochann siad na pailmeacha i n-áit eighinteacht ins an teach. Coinnigheann siad iad i n-onóir d'on uair a bhí na daoine amuigh roimh Íosa agus pailmí in a gcuid láima aca agus ag rádh, "Hosanna do Mhac Dáibhidh".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. suaitheantais (~307)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall