Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheathrú Mhór
- XML Leathanach 31
- XML “Dáibhidh Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtáinig an spioraid agus d'iarr spás dhá uair air.Dubairt Dáíbhidh Bhán ná dtiubhradh sé aon spás dhó, agus go gcaithfeadh sé dul go dtí an áit as ar tháinig sé. Chuir sé an clún ar Dáibhidh Bhán leath-úr a thabhairt dhó agus bhí aibhéal mór ar ina dhiaidh sin an spás sin a thabhairt dhó.Chuaidh an spiorad go bárr an chnuic agus tháinig anuas i gcuma tarbh mór fiadhán acht níor féad leis Dáibhidh Bhán a chorruigheadh. Ina dhiaidh si rinne sé mada de fhéin agus a teanga chasta ar a mhuinéil, agus ina dhiaidh sin bairrle a bhí chómh mór le teach agus tháinig anuas den chnoc ag thionntadh is ag casadh, acht níór fhéad leis an spiorad an bhuaidh d'fhághail ár Dháíbhidh Bhán. Ar deireadh bhí spás an leath-uaire caithte agus bhí Dáibhid Bhán 'gionnsaighe marbh.
"Caithfidh tú imtheacht uaim anois," ar seisean leis an spiorad.
"Chuir isteach 'san loch sin thall mé" arsa an spiorad, ag síneadh a mhéar chuig loch beag a bhí ar an sliabh.
"Ní chuirfidh" arsa Daibhidh Bhán. "Téíg go dtí an áít as ar tháinig tú"D'imthigh sé annsin, agus níor chuir sé aon trioblóid ar Dáibhidh Bhán ó shoin.Tugtar Loc Dáíbhidh Bhán mar ainm ar an loch sin go dtí indiu.- Bailitheoir
- Áine Ni Giolla Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathanach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Slinneadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Slatehill, Co. Mhaigh Eo