Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 22](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0136%2FCBES_0136_22.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 22
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chur arais faoin éan arís mar a bhíodar cheana ingan fhios di. Thainic na cinn óga amach asta nuair a thainic an t-am agus ní raibh aon difríocht ionnta agus eanlaith eile ach amháin go raibh líne bán thart ortha in áit a ghreamuigh an tailliúr le chéile iad.Bhí go maith. Suim ama in a dhiaidh sin bhí rí na h-áite sin i gcruaidh cás faoi a inghin a bhí goidthe uaidh ag dragúnach agus níorbh fhéidir leis í a fhághail arais. Chuaidh an sgéal amach nó gur chuala na buachaillí seo é agus dubhairt siad go bhfeicidh siad an mbeadh siad féin indon í a fhághail ar ais.D'imthigh leo go dtainic siad go dtí teach an ríogh agus gheall an rí í don chéad fhear a thiubhradh ar ais aige í. D'imthigh siadsan ar a n-aghaidh annsoin gan a thuilleadh a rádh. Chuaidh siad thar saile ag cuartú a inghine, agus faoi deire thiar thall fuair siad í agus í ar a ghlúin ag an dragúnach.
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo