Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 2
- XML “Mac an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí Rí, bainrioghan ann uair amhaín, agus an lá seo chuaidh siad amach ag siubhal ins na coilltibh. Casadh ortha teach beag istigh ins an gcoill. Chuaidh siad isteach ann, budh an dall glic a bhí in a chómhnuidhe ann. D'fiafruigh an Rí de cén áit sa domhan a raibh an fear ina chómhnuidhe a bheith pósta ag a inghín. Dubhairt an dall glic go raibh sé taobh thall den loch. Annsoin chuaidh an rí abhaile agus an lá in a dhiaidh chuaidh sé feín, agus a chuid fear anonn treasna an locha go dtí an teach. Chuaidh siad isteach ann, agus chonnaic siad an páiste san gcliabhán, agus an bhean ag nígheadh eádaigh. D'fiafruigh sé den mhnaol cá raibh máthair an páiste. Dubhairt sí go raibh sí féin in a mháthair, agus d'iarr sé uirri ansoin é a dhiól ohó. Shocruigh siad an margadh. Thug seisean mála oír di, agus thug sise an leanbh dó. Tug an rí abhaile leis, an páiste. Chuir sé iallach ar an árs. Shluinéir cómhra a dhéanú dó. Nuair a bhí an cómhra déanta aige chuir an rí an páiste isteach ann, agus leig sé amach ar an bhfairrge é.
Thainic an cómhra i dtír in aice muilinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolfabhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Mullach Rua, Co. Mhaigh Eo