School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 439

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 439

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 439
  3. XML “Insna Siógaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    lean Mairin e. D'eitheall se airis agus do lean air mar sin ag preabadh o thom go tom agus o chloch go cloch go dtainig se go dti pairc an leasa. Do bhi an lios timcheall is dha chead slat o'n dteach. Do sheas an t-ean ar chlaidhe an leasa go dtainig Mairin i ngarr do. Leag se fead as annsan agus d'eirigh se suas ins an aer agus chuaidh as amharc ins na nealtaibh. Ni tuisge bhi se imthighthe na chuala Mairin ceol ag teacht o'n lios. Ceol sidhe a bhi ann, agus glor measgaithe trid an gceol. D'airig Mairin glor a leinbh fein agus preabh a croidhe. Do chuir si a cluas leis an gclaidhe feachaint an gcluinfeadh si na focail a bhi ag dul leis an rann agus chuala si na focail seo
    "Sidheoga, sidheoga stroll agus sidhe
    Paiste Mhairin, gradh geal na sidhe
    Iosfaidh se aran agus olfaidh se fion
    Acht na tabhair do bhuachaill an tighe".
    Leis sin thosuigh an la ag breacadh. Do chuir an ghrian a cead sgaile anios thar an gcnoc san oirthear agus chomh tobann is chur stad an ceol sidhe.
    D'fhill Mairin abhaile agus an rann i n-a h-intinn. Do thuig si annsan gurb iad na sidheoga a bhi ag mealladh a mac uaithi.
    "Do bhi mil agus fion le faghail aige agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Maoldomhnaigh
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Tip, Co. Mhaigh Eo