School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 422
  3. XML “An Táilliúir agus an Fathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí tailliúr ann fadó darb ainm Micilín Ruadh. Lá amháin agus é 'in a shuidhe ar an mbord ag fuagháil thainig éan isteach agus céard a rinne an tailliúir acht an tsáthadh a chaitheamh air agus é a mharbhughadh
    "Sin urchar maith" ar seisean leis fein "déanfaidh mé saighdiúir maith ins an gcogad. D'imthigh leis agus chuaidh isteach i dteach. Chonnaic se cuilleóga i bpota suibh. Shíl sé gur capall a bhí ann agus céard a rinne se acht na cuilleóga go leir a mharbhú.
    Annsan fuair sé clár mór agus sgríobh sé "Marbhuigh é cruocha capall" D'imthigh leis ag siubhal roimis airís agus 'chuile duine an ghaibh an treo stad sé chun an chláir a léigheamh. Thagad faitchíos orra taréis é a léigheamh. Bhí an tailliúr ag siubhal roimhe go dtáinig sé go dtí teach eile. Chonnaic sé fear sa teach seo agus ar sé 'marbhóchaidh mé an fear seo agus annsan ní'l fhios agam céard a dhéanfaidh mé.
    Bhí go maith chuaidh an tailliúr isteach sa teach agus chonnaic sé fathach istigh ann léig an fathach an clár. "Bhoil" ars' an fathach tair amach sa pháirc liom-sa go bhfeicfidh mé céard ata tú i n-ann a dhéanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Riobárd Ó Néileán
    Gender
    Male