School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 441
- XML “Teach na Sióg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Teach na SidheógDo bhí teach sidheóg i gcnoc mór árd fadó. Do bhí fear óg ag siubhal i n-aice an tighe seo lá amháin Tháinic sidheóg amach agus caipín bán air. Tháinic faitchíos ar an bhfear óg "bhoill" ars' an sidheóg "an bhfuil ocras ort" ars an sidheóg "má tá tair isteach in mo theach-sa". "Tá ocras orm" ars an fear "agus rachaidh mé isteach leat".
Istigh sa teach bhí go leor sidheóga agus réidtigh siad féasta dhó. Shuidh an fear síos chun an bhord agus nuair a bhí sháit ithte aige d'eirigh sé ón mbord agus é go h-an - bhuidheach dóibh. Fé chionn tamaill tháinig tuille sidheóga isteach agus píob acu. "Fan linn an oidhche seo" ars' na sidheóga. "Fanfaidh mé go deimhin" ars an fear agus é go sásta.
D'fhan na sidheóga ag seinm na píbe ar feadh tamaill agus annsan do chuaidh siad a chodladh. Do chuir siad an fear óg i seómra dó féin. Thuit a chodladh air agus bhrionglóid sé go raibh a athair agus a mháthair á chuardach.
Nuair a dhúisigh sé ar maidin d'eirigh sé. Do chonnaic sé sidheóg agus guna aige. "Marbhóchaidh mé thú" ars' an sidheóg "Boill" ars an fear "cén fáth go bhfuil tú á mharbhughadh". "Ní mharbhóchaidh mé thú" ars(continues on next page)- Informant
- Pádhruig Ó Corcoráin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mhoing Chríonna, Co. Mayo