Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 441

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 441

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 441
  3. XML “Teach na Sióg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Teach na Sidheóg
    Do bhí teach sidheóg i gcnoc mór árd fadó. Do bhí fear óg ag siubhal i n-aice an tighe seo lá amháin Tháinic sidheóg amach agus caipín bán air. Tháinic faitchíos ar an bhfear óg "bhoill" ars' an sidheóg "an bhfuil ocras ort" ars an sidheóg "má tá tair isteach in mo theach-sa". "Tá ocras orm" ars an fear "agus rachaidh mé isteach leat".
    Istigh sa teach bhí go leor sidheóga agus réidtigh siad féasta dhó. Shuidh an fear síos chun an bhord agus nuair a bhí sháit ithte aige d'eirigh sé ón mbord agus é go h-an - bhuidheach dóibh. Fé chionn tamaill tháinig tuille sidheóga isteach agus píob acu. "Fan linn an oidhche seo" ars' na sidheóga. "Fanfaidh mé go deimhin" ars an fear agus é go sásta.
    D'fhan na sidheóga ag seinm na píbe ar feadh tamaill agus annsan do chuaidh siad a chodladh. Do chuir siad an fear óg i seómra dó féin. Thuit a chodladh air agus bhrionglóid sé go raibh a athair agus a mháthair á chuardach.
    Nuair a dhúisigh sé ar maidin d'eirigh sé. Do chonnaic sé sidheóg agus guna aige. "Marbhóchaidh mé thú" ars' an sidheóg "Boill" ars an fear "cén fáth go bhfuil tú á mharbhughadh". "Ní mharbhóchaidh mé thú" ars
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhruig Ó Corcoráin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhoing Chríonna, Co. Mhaigh Eo