School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 385a

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 385a

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 385a
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Tá lios in-aice an bhaile seo. Lios beag iseadh é agus is ó'n lios seo a fuair Éach-a-laisín a ainm. Fadó riamh bhí fear óg ag dul thar an leasa oidhche amháin agus chonnaic sé na sídheogai ag marcaidheacht ar chapallaibh bána. D'innis sé an sgéal do ghach duine acht níor chreid aoinne é mar dubhair síad uilig dá bhfeaifheadh sé iad go bhfuigheadh sé bás go luath indiaid. An dara oidhche chuaidh sé an bealach céadhna agus chonnaic sé na sídheóga airís. Bhí fhios aige ná creidfeadh aoinne é agus bhí sé ar buille. Céard a rinne sé acht cuid de na clocha bána a thabhairt leis ó'n lios. Chreid gach duine annsin é agus bhí áthas mór air ; acht i gceann mí bhí sé ina luighe ar a leabaidh agus bhí na clocha i dtaisge i gclaidhe aige. Tháinigh an sagart chuige lá agus d'fhiafhruigh sé dhó cá raibh sé an oidhche nuair a chonnaic sé na sídheóga. Dubhairt an buachaill go raibh sé ag siubhal thár an leasa seo an oidhche áirithe sin agus go bhfaca sé na sídheóga agus capaill bhreághtha leó. "Céard a rinne tú annsin" arsa an sagart. "Thóg mé cuid de na clochaibh agus thaisbeán mé do na daoine iad. Annsin chuir mé i dtaisge iad agus ó'n lá sin amach bhí mé ag dul chun donachta agus tá mé in-mo leabaidh anois agus gan mé indán é a fhágáil. Nuair a chualaidh an sagart an sgéal chrom sé ar gháiridhe. "éirigh as sin" ar seisean "agus imthigh leat leat amach. Fáigh na clocha sin atá i dtaige agat agus cuir ar ais ins an áit a fuair tú iad" Rinne an buachaill mar a dubhradh leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Paidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tip, Co. Mayo