Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mayo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 423

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 423

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 423
  3. XML “An Táilliúir agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Amach an mbeirt aca agus sa pháirc bhí cloch mór trom. "Anois" ars an fathach beidh fhios agam an bhfuil tú níos treise ná mé." "Caith an chloch sin go bhfeicfidh mé cé'n fhaid a chuirfidh tú í. "Caithfidh mé í," ars an táilliúr má chaitheann tusa ar dtúis í.
    "Go maith" ars an fathach" déanfaidh mé é sin". Rug sé ar an gcloich agus chuir sé ceathramhadh míle í" "Gaibh siar agus tabhair ar ais an chloich" ars an táilliúr. D'imthigh an fathach agus níorbh fhada go raibh an chloch ar ais airís aige.
    Annsan leig an táilliúr trí fead. "Cé'n fáth a bhfuil tú ag feadghail mar sin"ars an fathach. "Táim ag feadghail ar mo chol- ceathracha in America coiméad as mo bhealach le faitchíos go marbhóchainn iad. "Más é sin an chaoi" ars an fathach "Fás annsan í."
    Téanam isteach liom ars an fhathach go bhfeicfidh mé ciocu againn a bheidh i n-ann an méid is mó a dhi itheadh. Chuaidh an bheirt isteach agus chuir an táilliúr mála mór taobh istigh de'n gcóta a bhí air. Nuair a thosuigh sé ag ithte acht gach 'ra greim a chur isteach sa mhála seo i ngan fhios de'n bhfathach. Sa deireadh d'éirigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Riobárd Ó Néileán
    Inscne
    Fireann