Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “An Gadaí Dubh Ó Dubháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann uair amháin. Seán do b'ainm dó. Bhí muinntir Sheáin an-shaidbhir. Lá amháin chuaidh Seán go dtí an mbaile agus ar a theacht abhaile dhó um thráthnóna d'innis dá athair go mbeadh sé ag imtheacht uaidh. "Casadh fear orm indiu" ar sé agus dubhairt sé liom go dtabharfadh sé post maith dom." "Maith go leór" ars'n t-athair acht cé'n sórt puist a gheóbhaidh sé duit?" "O" arsa'n mac "is cuma duit acht má's é toil Dé é beidh mise saidbhir i gceann cúpla bliadhain eile.
    Ar maidin lá'r na bhárach d'eirigh Seán go moch agus stad ní dhéarna sé gur shroich sé coill. Annsan istigh do casadh fear dó. "Dia duit ars' an fear "Dia is Muire dhuit" ars'n buachaill. Lean an bheirt ag cainnt mar sin gur fhiafruigh an fear do Sheán cá raibh a thriall. D'freagair Seán ag rádh go raibh sé sa bhaile mór indé agus go gcasadh fear dó a dubhairt leis a bheith sa choill seo go moch indiu agus go mbeadh fear ann darb ainm An Gaduidhe Dubh Ó Dubháin.
    Leis sin rinne an fear gáiridhe. "Is mise an gaduidhe dubh" ar sé "agu anois a Sheáin cé'n post a mhaith leat d'fhághail. Shmaoinigh Seán ar feadh tamaill agus annsan ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Corcoráin
    Inscne
    Fireann