Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “An Dá Fhathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhatach ann fadó. Bhí an bheirt seo an-láidir ar fad. Bhí súil ag ceann acu i gcúl a cínn agus ní raibh súil ar bith ag an bhfear eile.
    Bhíodh an bheirt seo go siorruidhe ag goid. Ghoid siad ba, caoirig, agus cearca ó na gcomarsain agus bhiodh ortha móin a thabhairt in-aisce dhóibh. Ar deireadh chuala an Rí an sgéal agus thug sé órdú troid a chur ar na fathaigh seo. Thoisigh an troid acht bhí an buaidh ag na fathachaibh. Mharbhuigh siad gach fear a chuaidh ag troid leó.
    Bhí sean-bhean agus a mac i n-a gcómhnuidhe i dteach beag ar thaoibh cnuic i ngarr do na fathachaibh seo. Sa teach aici bhí luchóg agu beach.
    Lá amháin d'eirig an mac go moch ar maidin agus chuaidh sé féin, an luch, agus an bheach go dtí Teach an Rígh. "Cad a thabharfaidh tú dhom" ar seisean "má mharbhóchaidh mé na fathaig duit." "Acra talmhan agus do sháith airgid go deire do shaoghail" arsa'n Rí. "Tá go maith" arsa'n mac "déanfaidh sin mise."
    D'imthigh an mac, an luch agus an bheach leó fé dhéin na bhfathach. Nuair a shroich sé teach na bhfatach d'innseadh dó go raibh na fathaigh 'na gcodlad. Chuaidh an luchóg agus an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0559: Dungbeetle
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Corcoráin
    Inscne
    Fireann