Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)
- Suíomh:
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Beoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cath a bhí in Iorrus leath bhelach idir Bhéal Athá an Fheada agus Béal Mhuirtidh in áit ar a tugtar Gort-Liat-Tuille. Bhí an troid idir dhá dream, an Pobhlacht, agus t-Saorstát. Tháinig dream amháin ó Bhéal Athá an Fheada, an airm Saorstát a tháinig ó Bhéal an Mhuirtidh agus an Caiptín O h-Éilighe a bhí mar cheannas ortha agus an dream eile ó Bhéal Athá an Fheada. Bhí an troid le bheit ag Béal Dearg no áit eicínt in aice leis. Chuir an Saorstát futha in aice le teach na scoile agus dream eile istigh ins an lodge.Bhí cupla fear ag teach Sheáin O Chongaile tháinig fear isteach i gcoinne aitheanna agus d'imhtigh na fir eile amac, bhí fhios acu annsin go raibh troid le bheith ann. Chuir Bhácheir (?) poll sa bhfuinneóig chomh maith. Thoisigh an ruasgadh buille. Bhí dream taobh amuigh ag caithemah isteach agus tá marc le feiceál go fóill sa teac. Baineadh giota de'n chloich atá os cionn na simíleara as. Ar deire thior thall dubhairt Micheál Cillruaidh leis an airm(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Gearraidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearraidh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo