Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchus Sgéalta Sidheogach
Tá ráithíní i d'túrglash agus tá go leor scéalta ag baint leo. Chualaidh mé sean bhean dhá rádh go raibh bean ann uair amháin agus go raibh sí ag dul go Béal an Muirthead lá. Casadh an sagart Paráiste léi, agus nuair a bhí sé ag dul in-aice leis an ráitín chuir sé ón gcarr síos ar an mbóthar.
Nuair a chonnaic an bhean é ar an mbóthar, dubhairt sí "Dís línn". D'éirigh an sagart chuaid sé isteach sa gcárr arís agus d'imigh sé leis ar a bhealach. Nuair a bhí an sagart imthigthe, tháinig cúpla fir amach as an ráithín agus thóg said an bhean isteach leo.
Níor leig siad amach í go dtí tráthnóna. Agus deirtear nuair a tháinig sí amach nach raibh aici ach súil amháin agus bhí a ciall beag nach caillte aici.
(2)
Bhí mo shean athar Mánus Ó Seibhleáin ag teacht abhaile leis no bo oidhche amháin. Bhí sé ag dul thar ráithín leo. Nuair a tháinig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Seibhleáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tuar Glas, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Seibhleáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuar Glas, Co. Mhaigh Eo