Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 144
- XML “Seo Cuid de na Pisreogaibh atá ag Cuid de na Daoinibh faoin Im”
- XML “Scéal faoin Chaoi a Ghoideadh na Daoine Im Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa deireadh dubhairt sé na focla seo. "Tar im. tar im, 'im bhaile liom ar ni cuinneóig - se." Leis sin d'fhéach sé isteach sa gcuinneóig agus thainic iongnadh air le feiceál go raibh an chuinneóg lán d'im.
- Lá Bealtaine a bhí ann agus bhí an ghrían ag soillsiú anuas go h-áluinn. Chuaidh beirt fhear amach ag saighdeadh
Chonnaic siad girrfiadh an diúl na mbó agus shaighid siad na madaidh in a diaidh. Rith an girrfiadh agus chuaidh sí isteach i sean teach agus na madaidh in a diaidh.
Chuaidh na fir isteach acht ní fhaca siad rud ar bith acht sean-chailleach in a suyidhe ar an urlár. Sean chailleach caithre críon a bhí innse(leanann ar an chéad leathanach eile)