Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 343
  3. XML “Fochaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maidin Dómhnaigh is mé ag triall go Fochaill
    Casadh an óigbean orm sa tslighe
    Bhí a gruaidh ar lasadh mar rós i ngairdín
    Go mba binne a béilín ná na ceolta sidhe
    Leag mé lámh ar a bráighe le mórtas
    Agus d'iarr mé póigín ar stór mo chroidhe
    Seard dubairt sí "Stad agus ná stroic mo chloicín
    Níl fios na dóiche seo ag bean do thighe.
    Seo mo lámh duit nach bhfuil mé pósta
    Agus gur buachaill óg mé thug gean do mnaoi
    'A bpilltheá abaile liom arais go Fochaill
    Go dtiubarfainn duit ómas mar gheobhfad bean tighe
    Cuirfinn culaith síodha i gceart is i gcóir ort
    Gúna, clóca is caipisín
    Bhéadh siopa dram againn gan fíon is gan beór ann
    Leanbh dóigeamhail ag tarraingt dighe.
    Tá mé in aimhreas go bhfuil tú postha
    Ná cur aon stad orm ag siúbhal na slíghe
    Pill abhaile cun do thíghe is coir duin
    Is ann is doicighe liom atá do mhian
    Leath a ngeallann tú ní thig leat a comhlionadh
    Ní siubalfha an ródh liom acht seal dhon oidche
    Scaoiltheá abhaile mé gan fiú na bróga
    Agus fuair mé comairle gan a beith in do líon.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ni Roitleain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Antoine O Graith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo