Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)

Suíomh:
Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Gionnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Dubh
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “An Ciste Óir”
  4. XML “Péist an Chiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chonnaidhe i nGort a Creachair fadó shoin lá amháin bhí sé ag teacht anall fearaidh agus bhí ciste óir leis. Bhí sé ag eirigh tuirseach dá iomhcar. Leag sé ar an talamh é agus dubhairis sé go bhfaghfhadh sé annsin é go dtí lá ar na mhaireach. Thóg sé marc ar an áit ar cur sé é agus ba é an marc a thóg sé na comhartha an gealaigh.
    Nuair a thaining sé faoi na dhén la ar na mhaireach ní thiocfhadh leis fhaghail g dtí é mar bhí péiste mór dá faire. Chuaidh sé go dtí feasadóir go bhfeichfheadh sé éin dus báis a chuirfheadh sé ar an bpéiste. Dubhairt an feasadóir leis go raibh tarbh sa domhan thoir agus é a mharbh agus a thabhairt anoir agus teine a pad odh le taobh an ciste óir ags an tarbh a chaitheamh isteach an. Rinne sé sin agus nuair a fuair an péiste boladh an tairbh tháinig sé chomh fada leis an teine agus thosauigh sé ag ithe an tairbh. d'foir an fear an péiste ar feadh tamaill. Annsin rug sé treim air agus ceangal sé é do crann agus thosuigh sé dá bualadh nár gur marbhuigh sé é.
    Thug sé leis an ciste óir abhaile annsin chuig a bhean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eiblin Ni Corduibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seamus O Coilligh
    Inscne
    Fireann