School: Páirc na Cille (roll number 13700)

Location:
An Bóthar Salach, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
P. Ó Tóláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Páirc na Cille
  2. XML Page 317
  3. XML “Teampall Maol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé is Teampall Maol ann ná áit ina bhfuil sean roilg anois. Cuireadh an t-ainm sin air mar bhí teampall annsin fadó agus bhí sé suidhte ar chnoc maol. Fáth eile leis an t-ainm do'b é seo é. Fritheadh fear marbh ar an mbothar go Béal an Feadha oidhche amháin. Rug cúpla fear air agus tháinig siad go Teampall Maol chun é do chur i dTemapall Maol, acht bhí a lán bó maol ag an ngeata agus ní leigfheadh siad isteach iad, agus ó shoin cuireadh Teampall Maol air. I gceann tamaill thuit an Teampaill agus níl ann anois acht sean roilg.
    Deirtear freisin go dtagadh Paganaigh annsin gach Domhnach ag guidhe. Is féidir aithint ó na lic atá ós cionn na n-uaidh go bhfuil sé go h-an aosta. Tá snas curtha ar na lic agus cuma croise gearrtha ionnta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Language
    Irish