School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Cille
- XML Page 297
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'San am fadó bhíodh na h-aontaighe í bpáirc mhóir ghlais amuigh fé'n dtúaith. Thagadh ceannuightheóirí ó na bhailtí móra chómh fada leis an bpairc agus bhíodh aonach ana mhaith acú. Uaireannta thagadh na ceannuightheóirí thart go dtí na tíghthí ag ceannacht stuic.
Is breágh bheith ag éisteacht leis na fir ag deánamh margaidh. Bíonn gleó agus sgreadghail ar siubhal acú. Nuair a bhíonn an margadh déanta acú buailtear a dhá bhois lé cheile. Annsin cuirtear marc díolta ar an ainmhidhe. Saitheann cuid de na fir a mhaide san laithigh agus cuirtear marc díolta ar an mbeithidhigh leis. Núáir a bhíonn an bó díolta tugann an fear ceannuighthe a lúach do'n bhfear díolta. Tugann an díolta éirnist" arais do'n bhfear eile. Cúpla sgilling a tugtar mar "luck" nó "éirnist" de ghnáth. Igcuid de na bailtí móra(continues on next page)