School: Páirc na Cille (roll number 13700)
- Location:
- Boherhallagh, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Tóláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Cille
- XML Page 284
- XML “Aiste Eile ar Chluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad seo na cluithchí a bíonn againn, fuinneóga árda, frug ins an bpanna tig, Cluc - Cluc., Sé seo an caoi déanaimíd fuinneóga árda, seasann gach duine i bhfáinne ach duine amháin agus glaodhann an duine sin ar éinne is maith leis,agus caitheann an duine a glaoidheann sé air rith in a dhiaidh go mbeireann sé air, agus leanann siad mar sin go mbíonn gach éinne beirthe air. Tá frug ins an bpanna beagnach mar an gcéadhna achseasann duine amháin taobh istigh agus dúnann sé a shúile agus tosuigheann ag dul thart go dtí go mbeireann sé ar duine a bhíonn sa bhfainne.
Déantar tig freisin agus sin é an caoi a déantar é, fágann duine amháin a lamh ar duine éigin agus deireann "tig". Ritheann an duine eile annsin go mbeireann sé ar an nduine a d'fhág an tig air. Sé cluc - cluc an ceann is fearr. Leigeann duine(continues on next page)- Collector
- Úna Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- Church Village, Co. Mayo
- Informant
- Séamus Breitheamhain
- Gender
- Male
- Address
- Church Village, Co. Mayo