Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 154
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na FataíBhí timpeall acra talmhan faoi fataí againn anuraidh. Ins an geantar seo tá an gabhailtrais beaga, agus ní chuirtear mórán fataí. Cothuightear mucaí ins an gceantar seo, agus tugtar na fataí mar bhia dóibh.
Ullmhaigheann mo athair agus mo dhearthair agus mé féin an talamh.
Déantar iomairí ársa aon coinnleach sa ngeimhridh. Romhartar amach na h-iomairí arís dan earrach agus déantar drilleanna de.
Déantar iomairí den talamh bán san Earrach.
Cuirtear aoileach ón Carnaoiligh ar na drilleanna agus leasú ón mála ós cionn sin arís.
Scoiltear na fataí síolta, ansin bíonn dha shúil i ngach scoilteachán. Bíonn bean an tigh dá scoiltiú.
Déantar na drilleanna le céacht ashmais, bíonn dhá chlár cré ar an gcéacht, agus caitheann sé an cré suas ar gach taobh.
Cuirtear na fataí ins na h-iomairí le láidhe nó le scíbhín. Bíonn mála sáiste thart timpeall ar a brollach agus na scoilteacháin ann. Bíonn sé ag caitheamh na scoilteacháin síos ins na polla a dhéanas an láidhe ins na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártan Mac Niallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghairdín, Co. Mhaigh Eo