Scoil: Caurane (uimhir rolla 13175)
- Suíomh:
- An Cárán Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Mac Giolla Gaileng
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caurane
- XML Leathanach 161
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an aimsear ar feabhas suas go Nodlag acht tá an doineann againn anois. Adeir na sean daoine go mbíodh stoirmeacha, tóirneach is teintreach, is tuile móra ann fadó go minic.Buidheachas de Dia nach bhfuil sé mar sin anois.San mblían mile naoi gcéad fiche is a dó rinne an teintreach díoghbhail mhór i Déirc. Tá Déirc síos i gleann inaice an locha. Adeirtear go tarraingeann an uisce is na crainnthe is iarann an teintreach. Bhí daoine ag iasgaireach san loch tháinig an dorcadhas is bhí boladh dóighte san áit. Tráthnóna Dia Dómhnaigh i Mí Lughnasa a bhí ann. Bhí fear darbh ainm Seán Mac Giolla Gaileng ag cur isteach na ba. Bhí dhá dorais an scíoból ar osgailt is bhí sé 'na seasamh idar ana(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Hannraoi Ó Maolfhábhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cárán Uachtarach, Co. Mhaigh Eo