School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 478

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 478

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 478
  3. XML “Tiarnaí Talaimh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tighearnaí Talaimh.
    Bhíodh tighearnaí talaimh os cionn achan cheanntar fad o shoin. Caithfeadh na daoine saidhbhir agus na daoine bochta cios a dhíol agus bitéar nach mbhéadh morán airgid ortha aca acht chaitfhead siad é a dhíol. Da mbhéad siad gan airgeadh chaithfidh siad leath a gcuid talamh a thabhairt uatha do dhuine éiginteacht eile a dhíolfadh é. Chaithfidh siad go h-árd le punta no dhá phunta a dhíol sa bliadhain. Bheirfeadh na tigearnaí mí do na daoine leis an t-airgead a dhíol sin no chuiridh amach as a gcuid talamh iad. Bhí eagla ortha roimhe an fear seo a bhí ag cruinniughadh do’n tighearna. Corr uair deireadh sé cainnt éiginteacht nach dtiochfadh leó labhairt leis ar chor ar bith. Da labhairfeadh siad leis chuireadh sé amach as a gcuid tóighthe agus a n-áite iad. Nuair nach mbhéad airgid ar bith aca. Chaithfeadh siad gamhain no caora no rud éiginteacht a dhíol leis an t-airgead a thabhairt do’n fhear eile leis an cíos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Cró na Sealg, Co. Donegal