School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- XML Page 215
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí clann mhór aige, agus do bhíodar ana bhocht agus is minic abhíodh ocras ortha, agus do dheineadh an máthair na h-éadaighe go léir í féin as olann na gcaorach.
Aon lá amháin do bhí an t-athair imthighthe go dtí an coill ad' iarraidh beart brosna mar ní raibh blúire adhmaid aca i gcóir na teine agus do tháinig an mac ab' óige darb' ainm do Seán suas chun a mháthair.
Dubhairt sé léi go raghadh sé amach ag tuilleamh a choda in áit éigin mar go raibh sé a ndóithin aca sa bhaile dá dtabharfadh sí sin cead do. Níor teastuig ó'na mháthair é do dhul amach in-aon-chor mar do bhí sé ana óg. Nuair a tháinig an athair abhaile agus a bheart brosna aige d'innis an máthair a sgéal do.
Níor theastuig uaidh sin go raghadh sé amach ach chómh beag ach do lean sé ag impídhe ortha agus fé dheire do thugadar cead do. D'ollmhuig(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork