Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)
- Suíomh:
- Curragh, Co. Tipperary
- Múinteoir: Mícheál Ó Dubhshláine
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin
- XML Leathanach 399
- XML “Poll an Fháinne agus an Bradán Feasach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus é d'ithe, do bheadh gach fios ag an duine sin go deo. Bhí áthas ar Gruagach breith ar an mbradán ach annis caithfeadh sé é do rósta gan clog do leigint teacht air. Ba chraid do Gruagach é do faire mar ní raibh ach aon shúil amháin aige. Chuir sé iacall ar Fionn é do róstadh agus thaisbeán sé sleadh do agus dubhairt sé leis,
"Sáithfidh mé tú le seo má leigheann tú clog teacht ar an mbradán seo. Annsan chur sé fáinne ar méar Fhinn chun an fhirinne d'innsint do agus cuadh se féin 'na chodladh.
Tar eis tamaill, d'éirigh clog mór ar an mbradán agus bhí Fionn comh eaglach san gur chuir sé a mhéar ann chun é do chuir síos. Do dhigh sé a mhéar agus do leigh sé ós árd agus do dhuisigeadh Gruagach. Chuir Fionn a órdóg in a bhéal chun é do fhuaradh agus d'ith sé croiceann an bhradán agus is mar seo a bhí an órdóg féasa aige agus gach fios age as san amach. Nuair a dh'éirigh Gruagach agus nuair a chonnaich sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Maoldomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Curragh, Co. Tipperary