Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin (uimhir rolla 7911)

Suíomh:
An Currach, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Mícheál Ó Dubhshláine
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 395

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0572, Leathanach 395

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Churrach (Crogh), Árd Fhionáin
  2. XML Leathanach 395
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó. Oidhche amháin do cuaidh sé ag cuairdheach go tig eile. Bhíodh ana cuid fear ann agus do fhan sé ann go dtí a buaile a clog nó mar sin. Bhí slighe gairid treasna na páirce ag dul abhaile do acht dubhairt sé ná ragadh sé treasna na pairce mar bhí an oidhche ró dorca. Nuair a chuaidh sé amach ar an mbóthar do chonnaic sé bean beag ar taobh an bhothar bhí casóg dubh air agus hata árd cómh bán leis an sneachta. Bhí mála aici agus dubhairt sí leis an bfear go raibh ór insan mála sin agus go dtabhairfheadh sí do é dá ragadh sé abhaile go mear agus gan innsint do aoinne é. Annsan do thug sí an mála do agus do rith sé abhaile go mear treasna na páirce agus nuair a cuaidh sé go dtí an céad bearna bhí an bearna lán le daoine beaga. Bhidar ag rinnce agus ag amhránuidheacht. Annsan do ritheadar go léir indhiadh an fir agus nuair a bhí sé amuigh ar an mbóthar arís ní raibh aon mála oir aige. Nuair a cuaidh sé abhaile do innis sé an sgéal dá shean máthair agus dubhairt sí gurb iad na daoine maithe a bhí ann agus dubhairt an fear narbh iad na daoine maithe a bhí ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Éamon Corbáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Bhaile an Oidhre, Co. Thiobraid Árann