School: Broadford, Ráthluirc

Location:
Broadford, Co. Limerick
Teacher:
Siobhán Nic Phiarais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0491, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0491, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Broadford, Ráthluirc
  2. XML Page 005
  3. XML “Gleann an Chapaill”
  4. XML “Log Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mar seo a deineadh an gleann so fadó, a deirtear. Thárla go raibh bean ag sábháil féir i bpáirc i-n aice le Cill-Achadh-Uí Liatháin. Tháinig tart uirthi. Chuaidh sí isteach go dtí an teampall ag lorg díghe. Níor éirigh léi. Sa deireadh dól sí roinnt fíona a bhí ar an áltóir. Láithreach baill deineadh capall sí, gleusadh fé céacht í agus treabh sí an gleann amach.
    Deirtear go bhfeictear capall bán ann uair sa bhliadhain fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Log ( loch ) Mór
    Ar an dtaobh thiar de'n sráid ar thaobh an bhóthair tá loch. Tá sgéal imeasg na ndaoine i-n a thaobh mar seo:-
    Bhí páiste ag teacht go dtí an sráid agus tháinig bean amach as an loch seo agus thug sí an páisde i-n aonfeacht léi fé'n uisge. Do chonnaic an páisde a lán rudaí deasa. Nuair a chuaidh an páisde abhaile d'innis sí an sgéal d'á máthair. Cúpla lá indiaidh sin thuit sí tinn agus fuair sí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish