School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 548
- XML “Scéal Fiannaíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin do chuaidh na Fianna amach ar thóir na Tuire. Do dhúisighdear torc agus do leanadar dá éis gur thainic sé go "Binn na muice" ( ainm Pairce atá i ndroim buidhe ). Do tháinic Diarmuid Ó Duibhne suas leis agus do mharbuigh é. Ach do strac an Torc lámh Diarmuid agus bhí sé ag fágháil báis leis an nimh.
D'Fhrafruig na Fianna de Fionn cad é an leigheas a bhí acu 'na chóir. Chuir Fionn a mhéara féin a fiacal feasa agus do chogain é. Ba léir dhó ansin da bhfaghfaidhe trí bhuidéal uisce ó Tobar álainn i dtuirín agus dá n-ólfadh Diarmuid iad go leighisfidhe é. D'innis sé é sin don na Fianna is chuaidh ceann acu laithreach go dtí tobar áluinn chun na trí bhuidéil uisce d'fháil.
Nuair a bhí diarmuid chun an triomadh buidéal d'ól chuimhnigh Fionn mar gheall ar droch-'cleas a imir diarmuid air roimhe sin maidir le Gráinne, Do chuir sé a chos ar an mbuidéal. Do bhris sé é. Do fuair Diarmuid bás, do cuireadh ann é. (Sa Pháirc ar a dtughtar "Binn na Mhuice" ar go dtí an lá atá indiu ann,)- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir