School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 098
  3. XML “Táilliúir na Samhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    measann tú áireamh orainn ná bhfuileann tú cómh meathad is go gcreidfeá go bhfuil siad ann". Do labhair seanbhean a bhí sa chúinne is dúbhairt sí "Airiú" a tháilliúir ar sise ná bac an toice sin lean ar do sceul tá fios againn go léir go bhfuil siad ann agus gur agat-sa atá an fhírinne". "Tá siad ann mhuise" arsa an táilliúir. "Tá an saoghal lán díobh" agus creideann an cailín seo go bhfuil siad ann ach measann sí cur 'na luighe orainn go bhfuil misneach beag aice agus ná beadh aon eaghla púcaidhe uirthi.""Geallaimse dhuit dá mbeadh uirthi gábhail amach anois agus dul leath mhíle ón dtigh gur b'olc an saighdiúir í" Do dhírig an cailín í féin agus bhain sí searbh aiste féin. "Dár fiadh" ar sise ná bheadh seáth ná eagla orm gábhail amach anois agus fanamhaint amuich go maidin amáireach ba chuma liom cad é an treó no cad é an áit go dtabharfhainn mo agaidh agus ní bheadh aon eagla púca orm is mó go mór an eagla a bheadh orm roimh daoine beó na daoine marbhú."
    "Cuireadsa geall leat mhuise" arsan táilliúir "go bhfuil áit i ngiorracht leath-mhíle d'on tigh ná raghair ann agus teacht thar-nais arís Cuireadsa geall ná raghfá go roilig Bhaile Mhúirne agus teacht tharnais arís" "An mór é an geall arsa an caillín is ragadsa ann" "Púnt leat" arsan táilliúir. "Tabhair dom púnt dom' tuarasthal" arsan cailín le bean a' tíghe. D'imthig an bhean-tíghe ag soláthar an phúint agus faid a bhí ag a fhágail tháinig a chainnt do dhuine de lucht na scorúidheachta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    English
    Informant
    Diarmaid A' Chotair
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork