School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)I ngriodal do dheinidís na cístí agus do dheinidís praisce de'n chruithneachtain go dtugtaí ríbún air. Is minic 'nuair do bhíodh siad ag iascach go dtiochfadh bád isteach a' beiriú prátaí agus iasc agus do bheiridís amach annsan íad dos na bádaibh eile a bhíodh chun róid amuigh.An Slighe Maireachtaint:
Feirmeóireacht is iascaireacht is mó a a bhíodh ar siubhal tímcheall na h-áite seo.
1. Feirmeóireacht: Ni raibh ao' capaill ag na daoine bochta an uair úd agus do bhíodar a'leasú a gcuid tailimh le h-asail - srathair tuighe ortha agus corcán mór ar gach taobh. Do rómhaireadh siad a ngarraídhte annsan le ráinnibh, ach do bhí ceachtaí adhmaid ag cuid acha. Bhí na daoine an-láidir san am san. D'airígheas trácht ar fear ó Dhún Eóghain do bheireadh painnéar éisc sé míle ar a dhroim go dtí Cloch-na- gCoillte agus do thugadh mála gúail deic gclocha meachachaint thar nais leis. Bhí fear eile ar an áit cheadna agus do rug sé truchaill-chapaill go dtí an mbaile mhór agus maide trom raice istigh innte.
Is amhlaidh do bhí lic-oidhir agus sioch ar a' dtalamh agus níorbh fhéidie d'aon chapall siúbhal.
2. An t-Iascaireacht: Tá cnoc i nDún Eóghain go nglaodhtar an leacha Mhór air, agus tá radharc(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Fínn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork