School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-aonach. Bhí sluagh mór daoine ann idir ceannuightheoirí is uile.
Bhí ceannathóir amháin ann agus chonnuic sé gur sórt leath-amadán Seán agus dhein sé anonn air agus d'fhiafhruig sé de cad ar a dhíolfadh sé an bhó. Dubhairt Seán cúig púnt. Dubhairt an ceannathóir leis go dtabharfadh sé síl crann ionghantach do ar an mboin. Bhí Seán sásta.
Thug sé an bhó de'n ceannathóir agus do fhuair sé an síl agus do chuir sé 'na phóca é agus so chomáin sé leis ar fuid an t-aonach ad' iarraidh cúpla pingin ar daoine agus ansan do cheannuig sé rud éigin a bhain an t-ocras de. Bhí sé déanach nuair a thug sé aghaidh ar an mbaile. Bhí an máthair bocht sa bhaile ag feitheamh leis agus i deimhnightheach go mbeadh alán airgid aige as an mboin.
Tháinig sé abhaile "Bheul" ar sise "conus a eirig leat?" "Ó" go seoig" ar seisean "Cad a fuarais ar an mboin?" ar sise(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sháin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork