School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 371

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 371

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 371
  3. XML “Cormaicín Ó Uallacháin agus na Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'eirigh na capaill in áirde sa spéir agus as go bráth leo de dhruim cnocáin is ísleáin is de bhárr barraí na gerann.
    Sa deire tiar thall do thánadar anuas de na capaill le h-ais tíghe dhuine uasail, agus chonnaic Cormaicín an cailín ba dheise a chonnaic sé riamh le 'na shúilibh cinn, 'na chodladh istig sa leabaidh agus í ag sranntarnaig dí féin go breágh.
    Ba gairid an mhoill ar na púcaí í sgiobadh amach tríd an bhfuinneóig agus chaitheadar smut de bhata nó rud éigin isteach sa leabaidh ná h-ionad. Dubhairt Cormaicín gur deallramhach le smut de bhata daraighe é. Chómh luath agus bhí sé istig sa leabaidh ba dhóich leat gurb'í an cailín abhí ann.
    Do léimeadar in áirde ar na capaill agus do chomáineadar leó airís. Do bhí an bhean uasal gach re dtamall in áirde ar na capaill ag teacht.
    Fé dheire d'fhiafhruig Cormaicín díabh an bhfaghadh sé féin in-aon-chor chun í
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Chárthaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Na hUláin Thiar, Co. Cork
    Informant
    Risteárd Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Na hUláin Thiar, Co. Cork