School: Drom Dhá Liag (C.) (roll number 12230)
- Location:
- Drimoleague, Co. Cork
- Teacher: Bean Uí Dhrisceoil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Dhá Liag (C.)
- XML Page 177
- XML “Líon agus Línéadach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leathtear é an-thanaidhe ar fad agus go deas cruinn in dhiaidh a chéile Annsan deintear punainn do agus cuirtear in áit tirm é.
Annsan deintear snáth de mar seo buailtear leis an dtuairgín é sin saghas mainléid déanta d'admad. Cuirtear an lion anuas ar chloic mhín agus buailtear leis an dtuairgín é. Cimiltear idir na lámhaibh é cun é do mhíniú. Annsan deintear é do thúamhail leis an tluag. sin rud déanta d'admad agus é an-chosamhail le rásúr. Tarraingtear an líon tríd. Annsan deintear é d'oibruighadh leis an dtaisteal. sé sin clár admaid agus fiacla in a seasamh air naoi n-orlaige ar aoirde. Buailtear an lion anuas ar na fiacla á tharraingt triotha san am gcéadna Tá sé ullamh i gcóir sníomha anois.- Informant
- Máire Ní Fhearghail
- Gender
- Female