School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Maulatrahane, Co. Cork
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)óir i bhfolach fé thalamh idir an Chéím Cam agus an crann fuinnseóige."
- Tá loch doimhin portaigh in áit uaignigh fé scáth na gCnoc i mbaile fearainn an t-Sruthláín i bParoíste na Léíme agus deirtear go bhfuil an loch seo fá Dhraoidheacht. Tá cúig cinn d'oileánaibh beaga ann, dhá cheann acha agus íad níos mó ná na trí cinn eile, agus saileóga agus toir beaga eile ag fás ortha. Is diamhair aisteach na h-oileáin íad de bhrígh nách san áit céadhna a chífeá iad aon dá lá. Aistrigheann síad ó áit go h-áit ar fuaid an locha agus deir muinntir na h-áite ná feiceann aoinne coidhche iad ghá n-aisriughadh agus gur san oidhche a n-aistrigheann siad. Ní fios d'aoinne fáth an aistriucháin de bhrígh nách leis an ngaoith a théigheann síád in aon-chor.Uaireannta is i gcoinnibh na gaoithe a deintear an aistriúchán agus uaireannta eile, deirtear go n-aistrigheann siad mar an gcéadhna nuair ná bhraithfeá an puth gaoithe is lugha do bheith ann ach an loch in a chlár chiuinis amhail leamhnacht.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Address
- Coornishal, Co. Cork