School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Maulatrahane, Co. Cork
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa cheanntar sin. Ní raibh aon scoileanna ann an tráth san agus toisg ná raibh is cinnte ná fuair Micheál Chormaic puinn scolaidheachta i dtosach a shaoil. Ní raibh sé i ndon scríobhadh aon tráth d'á shaoghal acht do bhí sé i ndon léigheadh go maith. D'fhoghluimigh sé an léigheamh ó na sgoláirí bochta do bhíodh ann an uair sin. Gidh nach raibh sé chómh léigheanta b'fhéidir agus a bhí filí eile san aimsir sin. Bhí féith láidir na filíochta ann mar tá a chuid amhrán go h-iongantach. Agus bhí meas agus clú ar na h-amhráin srl. a cheap sé ar fuaid na Cairbre uiligh. Do thosnuig sé ag ceapadh amhráin is dánta agus é ana óg.Do bhí file clúmhail eile sa dúthaigh seo le linn Mhichíl Chormaic do bheith ann. Seán Ó Coileán (Seán Máighistir a tugtaí air de chúis gur máighistir scoile a bhí ann). Ach ní móide ná go raibh Seán Ó Coileán cuibhseach aosta nuair a thosnuigh Miceál Chormaic ar an bhFilíocht, óir do cailleadh Seán i mí Aibreáin na bliana 1817 agus tá sé curtha i gCille Mín.Eibhlín Ní Mhuirithigh (nó Eibhlín Ní Mhuirlithe) a bhí pósta ag Mícheál Chormaic. Ní fios cad é an bhliain a phósadar ach is i nDoire Loga do bhí cómhnaí ortha. Feirmeóireacht, an ghairm bheathaidh do bhí aige agus do réir deallramh ba mhaith críochnúil an(continues on next page)
- Collector
- Domhnall Seosamh Ó Luasaigh
- Gender
- Male