School: Bréan-tráigh (B.)
- Location:
- Unionhall, Co. Cork
- Teacher: Tomás Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bréan-tráigh (B.)
- XML Page 288
- XML “Nótaí Beaga ar Sheán Máistir Ó Coileán”
- XML “Cú Chulainn agus Conlaoch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa Seán. "Garraidhe Cairbhre" a tugadh agus a tugtar fós ar pharóísde Mhidhe Ruis mar tá an talamh an-thorthamhail ann, fé mar adeireann sean-rádh:- "Mídheros mar a fhásfadh an síóda dá gcuirtí an síól ann." Is deallrathach gur ag tagairt do "Pholl's Shebeen" a bhí sé nuair a dubhairt sé:- "Má théidhir go cumhair na Ceapaighe, geobhaidh tú brannda 's beóir,
Díugadh lionn 's ar théadaibh tiúin de'n smachtín Crón." Nuair a bhíos im' gharsún bhí scealta mar iad so le cloisint go minic óm' athair. Seo píosa filidheachta do cheap Seán Máighistir ar throid idir Cúculainn agus Connlaoch. Ní fhaca riamh in-aon leabhar é ach is amhlaidh d'fhogluimigheas ó'm athair é. Dubhairt sé go raibh cóíp leabhar ag a athair féin - mo shean athair, ''na raibh an dán so scríóbhte, agus dánta eile "Eachtra Capaill an Chuimín" i ngaedhilg agus i mbéarla ach 'sé ainm a bhí air a mbearla ná "The Sorrel Nag." Bhí cúpla ceann eile nách féídir liom cuimhne ortha agus leitir mór fada do Chailín darab' ainm di "Betais." (?) Seán Máíghistir, nú "The Silver Tongue " mar adeireadh sé a cheap iad go léír. - Mac do Chuculainn ab'eadh Connlaoth. Aoife ab ainm dá mháthair, Bean laoch ab'eadh í siúd agus cómhnuigh sí ar oileán Iartar (?) d'Albain. Sgáthach nú Sgáthaig ainm na h-áite sin. Chaith Cúcullain tamall ann ag foghluim fios a chéirde(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Donnabháin
- Gender
- Male