School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)

Location:
Runnamoat, Co. Roscommon
Teacher:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0263, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0263, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Page 017
  3. XML “Custaim na hÁite Seo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tosuigheann sé ag moladh an fhir ionphósta, a tighe, a chuid talmhan, a mhéid stoc &rl.
    Má bhíonn fear an tighe sásta cuirtear an cheist ar an gcailín & má bhíonn sise sásta leis an bhfear ghnitear an cleamhnas.
    Luadhann fear-an-tighe an spré a bhíos ag an gcailín. Amannta bíonn saghas bargúin acu cosamhail leis an mbargúin a bhíos ar siubhal ar aonach, an fear óg ag iarraidh níos mó airgid & athair an chailín a rádh nach dtiubradh sé níos mó di. Faoi deire thiar thall socruightear an difríocht a bhios eatorra le cabhair an fhir eile, tógann sé amach buidéal & óltar sláinte an mbeirt.
    Socruightear annsin lá an Phósadh. Tagann an lá sin. Fadó bhíodh custúm acu bainfeis a thabhairt & cuireadh a thabhairt dos na comharsanaibh a teacht lá an Pósadh bailigheadh a lán carr cliathán & téighidís go dtí an Séipéal & nuair a pósadh an beirt thiomáinidís ar turas fada sul a tagaidís go dtí teach an chailín. Annsin Thosnuigheadh an féasta.
    Gleasadh buachaillí an ceanntair nach mbíodh cuireadh acu i sean - éadaigh cosamhail le mná & cuid eile i dtuighe & téighidís go dtí an bainfeas.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Cormac
    Gender
    Male
    Address
    Ballyglass (Mahon), Co. Galway