School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Page 022
- XML “Na Reiligí insan gCeantar Seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Roilice na h-ainmneacha a tugtar ar na -h-áiteannaibh in a gcuirtear na daoine marbh.
Insan gceanntar seo tá cuig cinn ann. Ní bhaintear úsáis as dhá ceann díobh & tá an trí cinn eile i úsáid. Sin iad ainmneacha ar na roilicibh sin - Fuárán, Árd Ciarán & Ath Cláir & ar an dhá ceann eile Rath na n-Éag & Clochar.
Tá Rath na n-Éag i sráid bhaile Cil tultogue seacht míle on mbaile mór Roscomáin. San am fadó sul ar tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo cuireadh na daoine marbh ann. Tá sgéal ag baint leis an roilic sin - Nuair a bhí Naomh Pádraig ar a bhealach on Teach na Ceithre Míle tháinig sé go dtí an roilic sin. Bhí bean in a comhnuidhe in aice na h-áite & cosamail le na mnaibh bhí sí go h-an fiosrach ar fad(continues on next page)