School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt fear Bhaile 'n Sgeilg," Do chómhairle anois" ar seisean, " agus sí an chómhairle tuillte í". " Seo mo chomhairle dhuit arsa fear an tíghe. Nuair a bheidh tú ag dul abhaile ná codail aon oídhche i dtig go mbeidh cailín óg pósta fear críonna, agus ná dein aon nídh as an slíghe ar maidin go mbeidhfeá na aithreachas tráthnóna . Thug sé ceithre bliadhna ag obair ar a phágh, agus annsan tháinig sé abhaile. Bhí sé ag cur de do shiúbhal a chos agus oidhche mar seo chuaidh sé isteach i dtig go raibh sé go fuireach ann go lá. Do bhí cáilín óg sa thig sin agus fear críonna . Do loirg sé lóisdín agus fuair. I gceann tamaill do chuímhnig fear Bhaile 'n Sgeilg ar féin. " Dar fiadh " ar seisean leis féin " is maith cruaidh an bhliadhain a thugas ag obair ar chómhairle gan chodhladh i n-aon tig go mbeadh cailín óg pósta ag fear críonna. Ar an línn sin d'fhiafruig sé d'fear an tíghe ar bhí sin a inghean. "Ní hí ar seisean, sin í mo bhean. Do bhuail sé amach annsan ach ní raibh solas i n-aon tig. " Dar fiadh" ar seisan leis féin , is dóigh liom go bhfanfhadh mé san iothlann atá ag gabháil leis seo mar thig. Do chuaidh sé go dtí an iothla agus agus do sháidh sé é féin isteach fé dhíon a bhí ann. I gceann tamaill bé 'n oidhche do chualaidh sé an capall iallaite ag teacht, agus chuaidh sé(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Dómhnaill Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Dungeagan, Co. Kerry