Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tseana aimsir fadó ní raibh capaill ná trucaillí cómh iomadamhail ag Muinntir Uibh Ráthaigh is tá anois. Ní raibh aon mhargadh níos a 'chomhangaráige ná Corcaigh dóibh chun a gcuid ime a dhíol. Sé an tslíghe a thugaidís a gcuid ime go Corcaigh ná ar dhrom capaill. Bhíodh an t-im déanta suas i bhfeircíní acu, dhá fheircín ceangailte ar gach taobh de'n tsrathar a bhíodh ar an gcapall agus an tríomhadh ceann i gcora na sratharach. D'imigh beirt fhear ón Lóthar i bparóiste Chathair Dómhnall dárb ainm dóibh Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó. Bhí capall agus trí feircíní ime ages na h-aoinne acu. Chaitheadar oidhche a thabhairt i gCíll Áirne ar a n-imeacht agus ar a dteacht . Nuair a bhíodar ag filleadh n'fhéadfaidís aon tig lóisdín fhágháil. Bhí na h-aon tig tógaithe suas mar bhí mórán daoine ann an tráthnóna céadhna. Bhuail fear leó- fear galánta deagh éadaigh dar leó féinig. D'fhiafruig sé dhíobh an lóisdín a bhí uatha, agus dubharadar gur beadh. Dubhairt sé go dtabharfadh sé féin lóisdín dóibh agus stábla dá gcapaill. Thug sé leis iad tamall taobh 'muigh don tsráid go dtí na thig féin. Chuir sé cóir bídh ortha féin is air a gcapaill. Nuair a bhí san 'déanta aige dubhairt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry