Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Nár Leogaidh Dia Aon Fheoil Dhíobhálach chugainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí morán des na daoine fadó ann agus do cheapaidís dá bhfághaidís feóil go dtreabhfaidís na cnuic. Bhí Lánamha de Mhuinntir Caoimh in-a gcómhnuidhe in áit éingin ar fuaid na mball so , agus bhí dúil an domhain ag an bhfear i mblúire feóla. Bhíodh sé ag iarraidh ruainne a sholáthar chuige féin i gcómhnuidhe agus ba chuma le na mnaoi aon ní mar gheall air feóil agus níor chás uirthe go bhfeicfeadh sí coidhche aon fheóil. Do thárluigh go raibh moltachán caorach aca uair. Do theastuig ón bhfear é marbhadh agus am'Briathar má theastuig ní leogadh a bhean dó é i síghe go ndeigheadar chun aignis, cun áitimh, cun achrainn le chéile. Má chuadar do fuair an bhean an ceann ab feárr don scéal, agus níor marbhuigheadh an moltachán, siúd agus gur coisceadh an fear an iarracht san. D'fhan miana na feóla i gcómhnaidhe aige , agus is minic do mhóidígeadh sé ina aigne féin, dá mbeadh sé 'na áirighthe an t-anam do chailleamhaint leis go mbeadh ainirthe aige ar an moltachán. Fear mór siúbhalóid oidhche abh eadh é agus is annamh an oidhche ná bíonn sé amuigh agus amuigh go déanach. D'fanadh a bhean bhocht suas ag feitheamh leis agus is baoghalach mór ná tugadh sí aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Murchadha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál Bán Mac an Roigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry