School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 118
- XML “Gabha na gCleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar a deirim-se leat. Nuair a raghair go dtí a thig , agus nuair a fhiafróchair cá bhfuil do mhac , déarfaidh sé "gheobhair e má aithnígheann. Agus sé an tslíghe a tabharfar chughat é ná i bhfuirm colúir agus é bacach. Beidh dhá cholúr eile ann, agus ní bheidh siad ssan bacach i n-aonchor. Má fhearfruigheann sé díot cá bhfuil do mhac féin abair gurb é sin é ag poinnteáil ar an gcolúr bacach. Ghaibh sé a bheidheachas leis an iasgaire,agus d'imthigh sé go tig gabhann na gcleas. Chuir sé tuairisg a mhic ar an ngabhainn, agus dubhairt sé "gheobhair é má aithnigheann tú é." Thug sé chuige na dtrí colúir agus ceann díobh bacach. " Sin é é,ar seisean, ag poinnteáil ar an gceann bacach. ." Siné é , arsan fear eile,agus is mór an preab a fuair sé. Ní foláir nó gur stiúraigh duine éigin annso thú ,"Bheir sé na colúir thar nais chun an tseómra , agus do scaoil sé amach an mac. D'imthigh an mac abhaile le n-a athair , agus n'fheaca gabha na gcleas ,ó shoin iad.
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry