School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 075
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhá lá sioc agus sneachta . Sin é seachtmhain an bhuachalla.
18 Nuair a throididh na cómharsain seadh gheobhad-sa tuairisc mo mhuilt.
19 Is buaine an t-únán ná an t-anairthe.
20 Ná tabhair léim caorach i nduíbhegán.
21 Ní bhfaghann dorn dúnta ach lámh iadhta.
22 Ní ag an láidir a bhíonn an buadh i gcómhnuidhe.
23 Geibheann an ceannsa a thoil nuair a theipeann ar an stuacach.
24 Ní gheibhtear neart toile ach lé near grádha.
25 Neart do'n aigne iseadh eolas fé mar is neart d'on cholainn biadh.
26 Ná bíodh iontaoibh agat as cos deiridh an chapaill go dtí go bhfeicfhir ag imtheacht ar ghualainn an madra í.
27 Ní sa chómhaireamh a bhíonn an tairbhe go minic ach sa mhianach.
28 Airgead na n-óinseach a chuireann bróga ar bhean a phíobaire.
29 Dá mbeadh sé tirim go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin.
30 Níor fealladh riamh ná filleadh.
31 Ní mhothuigheann bolg lán bolg folamh.
32 Seacain an droch dhuine is ní baoghal dhuit an duine macánta.
33 Tuigeann fear léighinn leath-fhocal.
34 Greada teine gan biadh nó greada fiacha gan fághalthas.
35 Imthigheann rith focail ó shagart na paróiste.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Murchadha
- Gender
- Female