School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 014
  3. XML “Seán Bráthair Chonchubhair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dath an óir. Cad é an bhrígh a bhaineann tú asta san anois arsa an Duine Uasal le Seán. N'fheadfainn a rádh arsa Seán. Sin iad anois sé lá na seachtmhaine arsa'n Duine Uasal na sé cínn [?] ar aon stampa amháin, agus an seachtmhadh ceann atá deifireach leó sin é an Domhnach. Cuir isteach anois iad ar seisean san áit go bfuairis iad. Do chuir Seán isteach iad, agus ar a [?]iompáil amach do, ní raibh aon tuairisc ar an nDuine Uasal. Bhí Seán ag cur de annsan, gur tháinig se go dtí tig a bhí ar [?]taobh an bhóthair. Bhí daoine ag dul isteach, agus daoine ag teacht amach as san mar thig, agus do chuaidh Seán féin isteach. Is amhlaidh a bhí bean annsan ag díol leanna, agus nuair a líonadh sí na gloiní, agus nuair a sgéidhfeadh aon braon de dhruim béal na gloine do thosnugheadh sí ar bheith ag sileadh na ndeór.
    Nuair a fuair Seán aon chasthamhlacht uirthe annsan d'fhiafhruig sé dhi cad fáth dhi bheith ag sileadh na ndeór. Dubhairt sí nuair a chídheann sí na braonacha ag sileadh de dhruim béal na gloine go gcuimhnígheann sí ar fuil ár Shlánuightheóra do dortad.
    Dubhairt Seán 'na aigne féin gurb í sin bean an leanna, agus gur bhfeárr a slíghe chun Dé ná a shlíghe féin. Chuir sé chun bóthair annsan , agus bhí sé ag cur de, gur tháinig drúcht agus deirreanaighe na h-oidhche, agus do stad sé i n-imeall coille. Do chonnaic sé uaid i lár na coille an solas caoch. Chuaidh sé fé na dhein agus is amhlaidh a bhí botháinín annsan agus lánamha críodhna caithte ann. Do bheannaig Seán dóibh, agus do bheannuighdear do go beasach, agus d'aithin Seán go raibh fáilte acu roimis. D'fhan sé ann go meádhon-oidhche. Buaileadh an doras, agus do sháid chúcha isteach rábaire d'fear óg,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756B: The Devil's Contract
    Language
    English
    Collector
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Mac an Roigh
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry