School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 092
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ins na rádaibh fadó darb ainm Liam Ó Cobhthuig acht thugadar "Liam bacach" mar leas ainm ar an bfear mboct. Sé an fáth gur tugadh Liam bacach air mar bhí cos briste aige. Deirtear gur ag fíadhac mada-ruaidh a bhí sé nuair a thuit sé agus tháinig gollán mór anuas air agus do briseadh a chos.
Amhthac do marbhuigeadh an sionnac agus do ghearr Liam téanga an 'sionnaig amach agus do coimeád sé é go raibh sé ag fághail bháis annsan thug sé é dá mhac. Uair eile na dhiaidh sin do cuaidh snáthadh na láimh (lámh a mhic) agus bhí sé beagnác ag fághail bháis mar bhí an snáthad ag dul na chroidhe, nuair do cuimhnig sé go h-obann ar an dteangain, tugadh do é agus do chuir sé é in uisce ardtúis, annsan do cimil sé dá láimh é, agus do phreab an snáthad amach agus do bhí sé go maith arís. Sin é an leigheas atá i teanga an tsionnaig,tá cómhact cómhteeseac inti cun cruaidh do tarraing.- Collector
- Úna Ní Láoinsigh
- Gender
- Female
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Diarmuid Ó Láoinsigh
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Kells, Co. Kerry